Phoenix Cinema 

Phoenix Cinema Dhaingean Uí Chúis

Tá dúil mhór ag Ionad Phoenix sa phictiúrlann agus sna healaíona.Is é an sprioc atá againn Pictiúrlann stairiúil an Fhionnuisce, sa Daingean, a cheannach le forbairt mar phictiúrlann agus mar ionad ealaíon;meascán de na healaíona comhaimseartha, cultúr, oidhreacht, oideachas agus teanga a cheiliúradh.

Bhí níos mó I gceist leis an Phoenix ná pictiúrlann amháin…

Lonnaithe I gcroílár bhaile Dhaingean Uí Chúis, tá áit lárnach ag an Phoenix I gcroíthe daoine áitiúla. Ó dhún na dóirse sa Phoenix, ní hamháin go bhfuil pictiúrlann caillte again, ach taiscedán cuimhní an phobail agus áit lúcháire dos na glúinte le ós cionn céad bliain.

Tá scéal ag gach éinne maidir leis an gcéad uair gur freastalaíodar ar an Phoenix ó bheith ag freastal ar na rinncí ann sna 1940aidí is 1950aidí go dtí’s na coirmeacha ceoil lena leithéidí Na Troubadours agus Rhythm Aces.

Ba é an Phoenix ceann de mhionlach pictiúrlainn neamhspléacha a bhí fágtha sa tír le blianta beaga anuas. Thug sé meas agus gean dos na glúinte ar scannáin. Tá fáilte curtha ag an Phoenix roimh daoine áitiúla chomh maith le turasóirí thar na blianta is iad ag taispeáint meascán fairsing scannáin, ós na cinn neamhspleácha éagsúla go na blockbusters móra idirnáisiúnta. Thug an siopa video deis dúinn na scannáin iontach seo a thabhairt abhaile linn I bhfad roimh aon trácht ar sruthanna. B’é an Phoenix croílár agus lárionad Féile Scannáin Idirnáisiúnta Dhaingean Uí Chúis fhad is a lean sé agus cuir an áit go mór leis an tírdhreach ealaíne iontach atá ar an leithinis.

Tá cáil ar Chorca Dhuibhne de bharr an fáilte croíúil a thugaimid do chuairteoirí, don tírdhreach álainn cumhachtach, agus an díograis atá againn don gcultúr agus ár dtraidisiúntí ón gceol go péintéireacht agus filíocht. Ach faraor, tá ár bpobal iontach ealaíne gan aon ionad ceart ealaín chun a saothar iontach inspioráideach a thaispeáint agus níl aon teacht ag ár ndaoine óga ar ionad cruthaitheach is ealaínte.


Sínigh an Achainí!

Sínigh 

Ár nUrraithe

Donate

Is féidir leat cabhrú leis an Phoenix Cinema a shábháil.Tá an Daingean agus Ciarraí Thiar i mbaol an t-aon phictiúrlann atá againn a chailleadh.Déanfaidh do thacaíocht difríocht agus cuideoidh sé an phictiúrlann a choinneáil do mhuintir Iarthar Chiarraí.

Lean sinn ar na meáin!

Stair na Pictiúrlainne

Físeán gearr faisnéise faoi stair an phictiúrlann

Website by James Greany. © 2023 IONAD PHOENIX CLG. All Rights Reserved.